An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.51
Treisiú ar Abairt nach bhfuil an Chopail inti

An gnáthleagan:
- chuaigh mac Sheáin go Doire inné ag imirt cluiche.
Leaganacha treise:
- Is é mac Sheáin a chuaigh go Doire inné...
- An go Doire a chuaigh mac Sheáin inné...?
- Nach inné a chuaigh mac Sheáin go Doire...?
- Dúradh gur ag imirt cluiche a chuaigh mac Sheáin.

Samplaí eile:
- Ní dheachaigh Pól abhaile:
- ní hé Pól a chuaigh abhaile
- ní abhaile a chuaigh Pól.

- Ní bhfaighimid an bua air:
- ní sinne a gheobhaidh an bua air
- ní bua a gheobhaimid air
- ní air a gheobhaimid an bua.

- Tá an ceart agat
- is agat atá an ceart.

- Ní fhaca sé go maith iad
- ní [go] maith a chonaic sé iad.