16.66
Nuair a thagraíonn an fhaisnéis féin agus faisnéis na habairte roimhe sin don
rud céanna, déantar an fhaisnéis, nó cuid di, a athrá más ainmfhocal í a
úsáidtear mar a bheadh aidiacht ann:
- airí,
- cuimhin,
- dóigh,
- eol,
- fiú,
- foláir,
- mairg,
- méanar,
- mithid, etc:
- Nach mairg a d'éistfeadh leis? Is mairg.
más aidiacht í nach dtagann clásal coibhneasta leithleach ina diaidh:
- Nach deas é? Is deas.
más réamhfhocal nó forainm réamhfhoclach is tús di:
- An leis an leanbh an bréagán?
- Is leis.
- Nach duitse a tugadh an duais? Is dom.
- Faoin mbord atá siad. Ní faoi.
más amhlaidh an fhaisnéis:
- Nach amhlaidh a bhí. Is amhlaidh.
Ach
má tá áit nó suíomh i gceist
is minic a úsáidtear
ea
(16.68).