An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.67

Úsáidtear forainm pearsanta oiriúnach san athrá má tá forainm pearsanta ar lorg
na copaile:
- An í an bhó bhreac í? Ní hí.
- Is é ainm a bhí air [ná] Tomás. Ní hé.
- An tusa a chaill iad seo? Ní mé.
más ainmfhocal cinnte is tús don abairt:
- Seán atá ann! Is é, cinnte.
más forainm taispeántach is tús don abairt:
- Siúd í an traein chugainn. Is í gan dabht.