An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.69

Más ceist dhúbailte ina bhfuil rogha le déanamh atá sa chéad abairt ní mór ceann
den dá fhaisnéis a athrá, agus is minic clásal coibhneasta leithleach ar a lorg:
- Cé acu bán nó dubh a bhí sé? Dubh a bhí sé.
- An inné nó inniu a tharla sé? Inné a tharla sé.
- An agamsa nó agatsa atá siad? Agatsa atá siad.
- Cé acu leis-sean nó léise an liathróid? Is léise í.