An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

16.68

Úsáidtear
ea
san athrá más ainmfhocal éiginnte an fhaisnéis:
- Is capall maith é. Ní hea in aon chor.
más aidiacht roimh an gclásal coibhneasta leithleach atá ann:
- An tinn atá Caoimhín? Is ea.
i gcás dobhriathair:
- Nach inniu a imeoimid? Is ea.
má tá réamhfhocal ar lorg na copaile agus gur áit nó suíomh atá i gceist:
- An ar an mbord atá an leabhar? Ní hea ach ar an matal.
Úsáidtear ann in áit ea uaireanta:
- An ar an aonach a bhí tú? Is ann.
i gcás ainm briathartha, frása nó clásal:
- An filleadh a rinne sé? Is ea.
- An ag ithe atá sibh? Ní hea ach ag ól.
- Nach toisc gur bochtán é a dhiúltaigh sibh é? Ní hea ar chor ar bith.
- An i gcoinne an chleamhnais atá sibh? Is ea.