An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.9
Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi
réir ag an réamhfhocal gan:
- gan mhaith
- gan mheabhair
- fear gan phósadh
- cailín gan mhúineadh
- fan gan chorraí
- fágtha gan chompánaigh.

Ach ní shéimhítear
- má tá an t-ainmfhocal á cháiliú:
- gan cúis ar bith aige leis
- má tá gan i bhfrása ainmfhoclach:
- b'fhearr duit gan corraí
- abair leis gan pósadh
- mol dó gan pingin a chaitheamh
- más d, f, s, t is túslitir don ainmfhocal:
- gan dabht (freagra, sagart, teip)
- gan fios, fáth ná siocair
- ach d'éalaigh sé gan fhios [dom].
- más ainm dílis cinnte atá ann:
- tháinig tú gan Micheál.