An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.8
Ní shéimhítear:
- i bhfrásaí den sórt seo a leanas nuair a chuireann siad staid in iúl:
- ar bith
- ar bogadh
- ar buile
- ar cois (= ar siúl)
- ar crochadh
- ar díol
- ar dóigh (= ar fheabhas)
- ar doimhne
- ar fad
- ar fáil
- ar fán
- ar fiuchadh
- ar forbhás (= corrach)
- ar fónamh
- ar fuaidreamh
- ar gor
- ar maos
- ar meisce
- ar seachrán
- ar siúl (= á dhéanamh tosaithe)
- ar tarraingt
- ar tiús
- ar triomú

- sna habairtí seo mura bhfuil an t-ainmfhocal á cháiliú (suíomh ginearálta a
bhíonn i gceist de ghnáth):

- ar barr
- ar cairde (= gan airgead síos)
- ar colbha
- ar corr
- ar deireadh
- ar muir
- ar tír
- ar tosach.
-Ach
- ar bharr an tí
- ar chairde fada
- ar cholbha na leapa
- ar chorr an bhoird
- ar dheireadh an bháid
- ar Mhuir Meann
- ar thír na hÉireann
- ar thosach an tslua.

- sna frásaí seo d'ainneoin an t-ainmfhocal a bheith cáilithe:
- ar ball [beag]
- ar béal maidine
- ar bord [loinge]

Ní shéimhítear an dara mír de na réamhfhocail chomhshuite seo:
- ar feadh
- ar fud
- ar son
- ar tí.29