4.11
Séimhítear an túschonsan nuair atá an t-ainmfhocal nó an t-ainm briathartha faoi
réir ag an réamhfhocal thar:
- ní fiú thar phingin é
- níor fhan sé thar bhliain ann
- ní aithneodh sé cat thar chóiste
- thar dhuine [eile]
- ní raibh thar chúigear acu ann
- thar Chorcaigh
- thar mholadh beirte
- thar dhroichead na habhann
- thar chlaí an bhóthair
- thar bharr an chnoic
- thar Shliabh an Iolair.
Ach ní shéimhítear i ndiaidh thar i bhfrásaí áirithe ina bhfuil ainmfhocail
éiginnte gan cháiliú agus a bhfuil brí ghinearálta leo:
- thar barr (amach)
- thar bóchna
- thar bráid
- thar cionn
- thar cnoc (soir)
- thar droichead
- thar fóir
- thar muir
- thar sáile
- thar sliabh
- thar tír (amach)
- thar toinn.
Ní shéimhítear an dara cuid den réamhfhocal comhshuite thar ceann:
- chuaigh an bhanaltra thar ceann an dochtúra
- ach
- chuaigh an piléar thar cheann an dochtúra.