An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.12

Ní shéimhítear ar lorg na réamhfhocal ach, ag, amhail, as, chuig, chun, dar, go,
go dtí, i, le, murach, ná, os, seachas:
- níor bádh aon duine ach Tomás
- ag Seán
- amhail bean
- as baile
- ag baile
- chuig Tadhg
- chun Pádraig
- dar féasóg m'athar
- go Sasana
- go dtí geata
- i méadaíocht
- le teacht
- murach Síle
- níos mó ná punt
- os cionn
- seachas duine ar bith eile.