18.28
Má tá an réamhtheachtaí ina chuspóir don chlásal ina bhfuil a ainm briathartha,
is é an réamhfhocal a a chuirtear roimh an ainm briathartha sin:
- an teach atáimid ag dul (ag brath) a dhíol
- an obair a thosaigh sé a dhéanamh
- an pháirc a chuaigh sé a threabhadh
- an leabhar a bhí sé ag tosú a léamh.
Tabhair faoi deara gurb é an réamhfhocal
ag
a úsáidtear roimh na hainmneacha briathartha neamhaistreacha
- dul,
- brath,
- tosú,
sna habairtí sin,
agus
gur ar lorg
na bhfocal sin
atá an réamhfhocal
- a
- agus ainm briathartha an ghníomhaí.