18.29
Tá rogha ann freisin i bhfrásaí áirithe ina ngabhann an réamhfhocal
do
roimh an
ngníomhaí nó i gcumasc leis.
Má tá gníomhú an ainm bhriathartha comhaimseartha le gníomhú an bhriathair
úsáidtear le linn + múnlaí 1A, 1B, 2A:
- le linn an chaint sin a rá do Phroinsias cé a thiocfadh isteach ach Maitiú
- le linn dom dul anonn shleamhnaigh mé
- Fágtar do + gníomhaí ar lár amanna:
- thit sé marbh le linn a ráite (dó).
ag + múnlaí 2A, 2B
ach do (nó cumasc de) in ionad
- ag
- más aidiacht shealbhach an cuspóir:
- ag teacht isteach dom bhí m'athair ansin romham
- bhí na príosúnaigh ag urnaí ag fáil bháis dóibh
- bhí miongháire ar aghaidh Nuala á léamh di
Ní úsáidtear
ag
roimh an ainm briathartha bheith.
Má tá gníomhú an bhriathair níos luaithe ná gníomhú an ainm bhriathartha
úsáidtear an réamhfhocal
- roimh
- + múnlaí 1A, 1B:
- titfidh an oíche orthu
- roimh an gcathair a shroicheadh dóibh
- cheannaigh Seán ticéad roimh theacht isteach dó.
Má tá gníomhú an ainm bhriathartha níos luaithe ná gníomhú an bhriathair
úsáidtear
- tar éis
- (d'éis,
- i ndiaidh) + múnla 1A, 1B, 2A:
- tar éis luí síos do Dhónall thit a chodladh air
- i ndiaidh an féar a bhaint (dúinn) ní mór a shábháil
- d'éis a bhainte dúinn beidh sos againn.
- ar + múnlaí 2A, 2B:
- ar theacht isteach dóibh shuídís síos
- ar thógáil mo chinn dom chonaic mé naomhóg
- arna chluinstin sin di stad sí
- arna fhoilsiú ag Muintir Mhurchú.
Tá brí chomhaimseartha le
- ar bheith:
- ar bheith sa Daingean dóibh dhíol siad na héisc.