An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

18.38

Úsáidtear na múnlaí sin freisin

- leis an réamhfhocal
chun

- le staid a léiriú, idir staid an chuspóra:
- tá an féar chun bainte (ullamh chun),
agus staid an ghníomhaí:
- tá Seán chun fiaigh (ullamh chun).

- leis an réamhfhocal
ar

- chun staid an chuspóra a léiriú:
- tá sé ar crochadh (stad, oscailt, fáil, etc.)

- leis an réamhfhocal
i
- chun staid an ghníomhaí a léiriú :
- tá Úna ina seasamh
(codladh, luí, dúiseacht, tost, cónaí, rith)

- leis an réamhfhocal
gan

- chun staid a léiriú, idir staid an chuspóra:
- tá an obair gan déanamh
- dúil gan fháil
- fágadh gan múscailt as a suan iad
- comhairle gan iarraidh
- ní fhágfar bád gan chailleadh,
agus staid an ghníomhaí:
- an gan éirí atá sé siúd fós?
- b'fhada leo a bhí sí gan teacht.

- leis an réamhfhocal
le

- chun
- aidhm,
- oibleagáid,
- cinniúint,
- féidearthacht, etc.,
- a léiriú.

Cuirtear
ag

roimh an ngníomhaí - (nó i gcumasc leis) má luaitear é:
- tá sé le marú

(aidhm):
- tá obair le déanamh agam
(oibleagáid)

- is dócha nach raibh Seán le bá an lá sin
(cinniúint)

- níl le feiceáil ach carraigeacha
(féidearthacht).

- leis an réamhfhocal
do

- (nó cumasc de do agus an aidiacht shealbhach)
- chun gníomhú leanúnach a léiriú.
- Má luaitear an gníomhaí
- cuirtear an réamhfhocal
- ag roimhe nó i gcumasc leis:
- tá mé do mo chrá ag Seán
- tá an bia á ullmhú aici
- bhíomar dár marú.