An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

18.39

D'fhéadfadh athbhrí bheith i gceist nuair a bhíonn an gníomhaí agus an cuspóir
araon sa tríú pearsa agus ar aon uimhir, agus ar aon inscne más san uatha dóibh,
i gcásanna mar seo:
- tá Tomás á mholadh
- bhí Síle á cáineadh
- beidh siad á dtriomú
- tá saighdiúirí á dtraenáil.

Sna ceithre shampla sin thuas ní féidir a rá cé acu gníomhaí nó cuspóir atá sa
dara focal den abairt.

- Mar shampla,
- d'fhéadfaí an dá aistriú Béarla seo a leanas a chur ar an gcéad abairt:
- Tom is praising him
- nó Tom is being praised.

Más é an gníomhaí atá i gceist is féidir an athbhrí a sheachaint trí ainmní a
dhéanamh den chuspóir:
- Tá sé á mholadh ag Tomás
- bhí sí á cáineadh ag Síle
- bhí siad á dtraenáil ag saighdiúirí.

Más é an cuspóir atá i gceist is féidir an athbhrí a sheachaint trí leagan
saorbhriathair a úsáid:
- táthar ag moladh Thomáis
- bhíothas ag cáineadh Shíle
- beifear á dtriomú
- táthar ag traenáil saighdiúirí.