An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.14
Séimhiú agus Ainmfhocal Éiginnte sa Ghinideach:

Séimhítear tuiseal ginideach ainmfhocail éiginnte nó ainm briathartha atá faoi
réir ag ainmfhocal eile nuair is ainmfhocal iolra dar críoch consan caol an
chéad ainmfhocal:
- buidéil bhainne
- éisc mhara
- faochain chapaill,
-nó
- nuair a chaolaítear san uatha consan deiridh an chéad ainmfhocail trí infhilleadh:
- toirtín aráin choirce
- sárú gealltanais phósta.

I bpáirt den Ghaeltacht séimhítear ainmfhocal atá faoi réir ag ainmfhocal eile,
i bhfrása seanbhunaithe, d'ainneoin nach gcaolaítear an chéad ainmfhocal san
infhilleadh:

- gloine,(braon, deochanna) uisce bheatha (ar nós mac Giolla Bhríde).

Ach ní athraíonn seo substaint na rialach.