4.15
Séimhítear tuiseal ginideach ainmfhocail éiginnte nó ainm briathartha atá faoi
réir ag ainmfhocal eile nuair is ainmfhocal baininscneach uatha (nach ginideach)
an chéad ainmfhocal:
- ar lorg focal a léiríonn cainníocht:
- cloch phrátaí
- glac thairní
- trí splaideog chéille
- nuair atá an ginideach ina ainm briathartha:
- cloch cheangail
- léim sheachanta
- bean chaointe
- nuair atá an ginideach ina ghinideach comhaisnéise i gcás ainmhí nó ruda:
- púróg chloiche
- stail chapaill
- cráin mhuice
- ach
- óinseach mná,
- baintreach fir
- nuair atá an ginideach ina ainmfhocal ábhair:
- súil ghloine
- tine mhóna
- coinnealchéarach
- i ndiaidh beirt, dís:
- beirt bhuachaillí
- dís bhan.