An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

19.5

Maidir le dornán d'aidiachtaí briathartha is gnách gnáthaidiacht a úsáid thar a
gceann ach amháin, b'fhéidir, i leaganacha áirithe:
- eorna ghlan
- tá an eorna glan agam
- bhí an cleamhnas socair acu
- an bhfuil an buicéad lán fós?
- tá mé marbh ag an obair seo
- bhí na scoláirí cruinn
- tá sí crom faoin ualach.

Ach
- tá siad glanta leo
- praghas socraithe
- coinnigh na seolta líonta
- na mílte maraithe acu
(= slua mór), etc.