19.6
Na Rangabhálacha
Tá ranna cainte eile sa Ghaeilge atá ar aon dul leis an aidiacht bhriathartha nó
gaolmhar léi maidir lena ndeilbhíocht, agus sa mhéid go bhfuil feidhm aidiachta
acu agus go léiríonn siad gníomhú briathartha.
Os a choinne sin is féidir cuid acu a úsáid go coitianta ar lorg na copaile,
murab ionann agus an aidiacht bhriathartha (nach n-úsáidtear mórán inniu ar lorg
na copaile mura bhfuil treise i gceist).