1.7
Maidir le fad tá dhá shórt gutaí sa Ghaeilge, gutaí fada agus gutaí gairide.
Is faide fuaim guta fhada ná an fhuaim a bheadh ag guta gairid den cháilíocht
chéanna sa suíomh céanna i bhfocal nó in abairt.
Is guta cúnta guta a fhuaimnítear idir chonsain i bhfocal ach nach léirítear sa
litriú.