An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

19.8
Rangabháil na Fusachta

An réimír so- + aidiacht bhriathartha is foirm don rangabháil seo go hiondúil.

Ciallaíonn sí fusacht nó féidearthacht:
- sobhriste,
- sodhéanta,
- sofheicthe,
- soláimhsithe,
- so-ólta,
- sothógtha.

Corruair bíonn foirm nach foirm aidiachta briathartha nasctha le
- so-.

- Foirm ghinideach an ainm bhriathartha nó an ainmfhocail a bhíonn ann:
- sofhála,
- so-ghabhála,
- so-imeachta,
- so-ranna,
- sotheagaisc.

Is féidir réimír eile a chur roimh
so:
- an-sodhéanta,
- ró-shochomhairlithe,
- nó
- é a cháiliú le dobhriathar:
- so-bhainte amach
- sochurtha in iúl.

Úsáidtear rangabháil na fusachta
- go faisnéiseach:
- tá an féar so-bhainte
- níl an rang seo ró-shoroinnte
- go haitreabúideach:
- ní fear so-ranna é
- rud sodhéanta é sin.

GGB :- so-ranna, a3. Easy to deal with, to get on with; sociable, companionable.