19.7
Rangabháil an Riachtanais
Is ionann foirm do rangabháil an riachtanais agus don aidiacht bhriathartha go
hiondúil, ach ní mór atá sí i gceist sa Ghaeilge anois.
Bíonn sí ina faisnéis ar lorg na copaile diúltaí (nó a cothrom), agus cuireann
sí riachtanas i gcéill de ghnáth:
- ní gearánta do Sheán
- (= níl cúis ghearáin aige)
- ní gearánta ar an aimsir
- (= tá an aimsir maith go leor, nó an-mhaith)
- ní leofa dom dul amach ag an leanbh ar eagla na tine
- ní tógtha orm é
- ní ormsa is tógtha é
- ní maíte sin orainn
- (= ní fiú comhghairdeas a dhéanamh linn ina thaobh
- ní fiú bheith ina dhiaidh orainn)
- ní séanta dúinn nach ndearnamar é
- (= ní gá (féidir, ceart) dúinn é a shéanadh).