20.1
Na Míreanna Briathartha
Is é a chiallaíonn míreanna briathartha focail nach féidir a úsáid ach go
díreach roimh bhriathar nó nasctha leis.
Féadfaidh mír bhriathartha bheith ina dobhriathar, nó ina cónasc, nó ina forainm
coibhneasta.
Sna liostaí seo thíos is dobhriathar freisin formhór na míreanna a áirítear ina
gcónaisc agus is cónasc freisin aon mhír a áirítear ina forainm coibhneasta.
Is gnách go mbíonn tionchar ag an mír ar fhoirm an bhriathair maidir le séimhiú,
urú, etc. modh agus aimsir cé acu spleách nó neamhspleách nó coibhneasta an
fhoirm.
Os a choinne sin, tá tionchar ag aimsir an bhriathair ar an bhfoirm atá ag
míreanna áirithe.
MÍREANNA ROIMH BHRIATHRA RIALTA