20.2
Míreanna Roimh Bhriathra Rialta
Tá dhá fhoirm ag na míreanna seo a leanas
a (ar):
- cónasc coibhneasta neamhdhíreach dearfach:
- fear a gcabhróinn leis
- bean ar maraíodh a mac.
- forainm coibhneasta réamhtheachtach:
- sin a n-ólaim.
- forainm coibhneasta iartheachtach:
- áit ar a nglaoitear Trá Lí.
- an (ar):
- dobhriathar ceisteach dearfach:
- ar éirigh sé?
- cá (cár): dobhriathar ceisteach áite:
- cá n-imíonn an taoide?
- go (gur):
- cónasc ráiteasach dearfach:
- sílim gur theith sé.
- dobhriathar guítheach dearfach:
- go gcúití Dia thú.
- cónasc aidhme:
- tabhair dom é go mbrisfidh mé é.
- cónasc ama:
- fan go n-éirí an ghrian.
nach (nár):
- cónasc coibhneasta diúltach:
- rud nach gcreidim.
- cónasc ráiteasach diúltach:
- sílim nár theith sé.
- dobhriathar ceisteach diúltach:
- nár theith sé?
ní (níor):
- dobhriathar ráiteasach diúltach:
- ní chreidim é.
mura (murar):
- cónasc coinníollach diúltach:
- murar shiúil sé rith sé.
sula (sular):
- cónasc aidhme:
- imigh sula bhfeicfidh siad thú.
- cónasc ama:
- d'éag sé sular shroich an dochtúir é.
An fhoirm spleách den bhriathar a leanann na míreanna go léir thuas.