4.17
Séimhiú agus Ainmfhocal Cinnte sa Ghinideach:
Séimhítear ainmfhocal cinnte a bhfuil feidhm ghinideach aige agus nach gníomhaí
ná cuspóir é d'ainm briathartha atá ar a lorg
- foireann Dhoire
- muintir Sheáin
- Coláiste Cholmáin
- Cuan Bhaile Átha Cliath
- oibrithe Bhéal Feirste
- mac fhear an tí
- obair bhean an tábhairne
- díon shiopa an bhúistéara
- Oíche Fhéile Eoin
- asal Sheáin nó Mháire
- ar aghaidh dhoras an tséipéil
- os comhair Sheáin
- in aice Chill Airne
- faoi choinne pháistí na Gaeltachta
- fearacht mhuintir na hAlban
- dála Chonradh na Gaeilge
- timpeall chósta na hEorpa
- trasna Bhá an Daingin
- ag cáineadh mhuintir Shligigh
- ag moladh chlann an fhir oibre
- ag meabhrú theideal gach leabhair
- tiománaí bhus a seacht
- de réir chaibidil a trí
- ach
- in éadan muintir na hÉireann a bheith sa chogadh
- le linn cú m'athar a dhíol
- ar tí Ciarán a phósadh
- tar éis Gaillimh a fhágáil.