An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.16

Ainneoin a bhfuil ráite in 4.14, ní gnách séimhiú ar ghinideach ainmfhocail
éiginnte nó ainm bhriathartha atá faoi réir ag ainmfhocal eile sna cásanna seo:
- ar d, s, t ar lorg d, l, n, s, t, ach i gcorrchás:
- bean siúil
- cos deiridh
- slat tiomána
- tonn tuile
- min seagail
- beirt sagart ach maidin shamhraidh (sheaca)
- ná ar f tosaigh, mar gur féidir le séimhiú cuma éiginnte nó ait a chur ar an mbunfhocal sa chaint:
- deoir fola [fhola nó ola],
- ach
- an ghlóir fhlaithiúnais

- ar lorg ainm theibí nuair nach ginideach ainm bhriathartha nó ginideach
comhaisnéise a bheadh i gceist:
- aois gadhair
- airde fir
- intleacht mná
- acmhainn grinn
- ach
- cúis gháire (ghearáin, mhagaidh),
- cabaireacht chainte

- ar lorg ainmfhocal a chiallaíonn cuid, easpa, iomarca:
- ailp feola
- roinnt bagúin
- easpa taithí
- breis bainne
- an iomarca moille
- mo chuid cainte
- ar lorg focal a chiallaíonn ball de dhuine nó d'ainmhí nó d'éan nó páirt de rud:
- lámh duine
- adharc bó
- crúb coiligh
- gualainn cnoic.

Tá focail mar sin ann a ngabhann séimhiú leo mar nach ndearctar orthu mar bhaill
bheatha níos mó ach mar ábhair itheacháin:
- saill mhuice
- ceathrú chaoireola
- leis chirce
- fleasc bhradáin, nó go meafarach:
- baineadh fuil mhairt as (anrud fola).

- ar lorg ainm bhriathartha a bhfuil réamhfhocal roimhe:
- ag tógáil potaí
- a iarraidh comhairle
- ar chosaint cathracha
- ach amháin i leaganacha seanbhunaithe mar
- ag fáil bháis (bhisigh)

Tá eisceachtaí eile ón riail seo le fáil sa teanga thall agus abhus, go háirithe
le frásaí atá an-choitianta:
- ag cur choirce,
- ag baint mhóna, etc.,

ach arís ní athraíonn siad substaint na rialach.

- ar lorg ainmfhocail éiginnte atá ar aon fhoirm le hainm briathartha:
- cosaint cúise
- fulaingt péine
- tiomáint gluaisteáin

- ar lorg cnuasainm más san iolra atá an ginideach:
- saithe beach
- scaoth cuileog
- buíon fear
- ach
- dís fhear
- clann mhac
- buíon cheoil (chosanta)

- más gníomhaí an ginideach:
- seitreach capaill
- géimneach bó
- coiscéim coiligh

- más ginideach pearsanta comhaisnéise an ginideach:
- óinseach mná
- baintreach fir
- a Thiarna Breithimh

- má chuireann ginideach pearsanta in iúl cé leis nó cé lena aghaidh duine nó rud:
- clann feirmeora
- bróg mná
- culaith fir

- má tá an ginideach cáilithe:
- oíche gaoithe móire
- scian coise adhairce
- bean baile mhóir.

Séimhiú agus Ainmfhocal Cinnte sa Ghinideach