21.1
An Dobhriathar
Is é is dobhriathar ann focal nó grúpa focal atá ag cáiliú focal eile nach
ainmfhocal ná forainm.
Seo na príomhshaghsanna focal a dtig le dobhriathar iad a cháiliú:
- briathar:
- d'eitil sé inné
- ainm briathartha:
- ní féidir liom teacht amárach
- aidiacht bhriathartha:
- tá sé briste go dona
- aidiacht nach aidiacht bhriathartha:
- tá sé measartha fuar
- dobhriathar eile:
- scríobhann sé cuibheasach maith anois
- réamhfhocal simplí:
- beagnach faoin eitleán
- réamhfhocal comhshuite:
- go luath tar éis an chluiche
- cónasc:
- d'imigh sé go díreach sular tháinig tú
Is frásaí a lán de dhobhriathra na Gaeilge:
- tá an bháisteach chugainn ó mhaidin
- fuair sé bás ar uair an mheán oíche.