An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.2

Seo na príomhshaghsanna dobhriathra atá ann de réir feidhme:
- an dobhriathar ama:
- anocht
- fós
- go luath
- riamh

- an dobhriathar breischéime:
- ní b'
- ní ba
- níos

- an dobhriathar cainníochta:
- ar fad
- beagnach
- sách

- an dobhriathar ceisteach:
- cá
- cathain
- cad é mar
- conas

- an dobhriathar dearfach:
- go
- gur (20.2)

- an dobhriathar diúltach:
- ní
- níor
- nach
- nár (20.2)

- an dobhriathar áite:
- anseo
- thíos
- ann

- an dobhriathar minicíochta:
- faoi dhó
- go hannamh
- go minic

- an dobhriathar modha:
- amhlaidh
- go ciúin
- in éineacht

- an dobhriathar treise:
- féin

- an dobhriathar treo:
- amach
- anall
- siar.