An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.9
Dobhriathra Ceisteacha

Is iad seo na príomh-dhobhriathra ceisteacha mar aon le samplaí dá n-úsáid:
- am:
- cathain a tháinig tú?
- áit:
- cá bhfuil sé?
- staid:
- conas (cad é mar) a bhí a fhios agat?
- cá bhfuil mar a chuirtear in úsáid é?
- céim:
- cé chomh minic a thagann sé?
- is cuma cad é chomh holc is atá sé.
- cá mhinice a chonaic tú iad?

Is frásaí dobhriathartha dar tús forainm ceisteach a lán de na dobhriathra:
- cá háit a bhfuil sé?
- cén uair a tháinig tú?