21.10
Dobhriathra Treo & Suímh
Na dobhriathra a bhaineann
(a) le isteach agus amach,
(b) le hairde,
(c) le bheith ar thaobh nó ar thaobh eile,
(d) le hairde an chompáis, is féidir a n-aicmiú ina dtriúir nó ina gceathrair,
gach aicme ag freagairt d'ainmfhocal áirithe a bhaineann le suíomh.
Tá an t-aicmiú sin á léiriú sa tábla seo a leanas.
| Na dobhriathra treo agus suímh
|
| (i) Na hainmfhocail | (ii) gluaiseacht ar | (iii) gluaiseacht | (iv) suíomh | (v) suíomh i
| suímh | shiúl ón | i dtreo an | simplí | leith ionaid
| | gcainteoir | chainteora | | éigin
-----------------------------------------------------------------------------------------------------------------
a) | an taobh amuigh | amach | amach | amuigh | lasmuigh
| an taobh istigh | isteach | isteach | istigh | (taobh
| | | | | amuigh)
| | | | | laistigh
| | | | | (taobh istigh)
------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
b) | an t-íochtar (an | síos | aníos | thíos | laistíos(taobh
| taobh thíos) | | | | thíos)
| an t-uachtar (an | | | |
| taobh thuas) | suas | anuas | thuas | lastuas(taobh
| | | thuas)
----------------------------------------------------------------------------------------------------------------
c) | an taobh thall | sall(anonn) | anall | thall | lastall
| an taobh abhus | | | abhus | (taobh
| | | | | thall)
| | | | | lasbhus(taobh
| | | | abhus)
------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
d) | an tuisceart(an | ó thuaidh | aduaidh | thuaidh | lastuaidh
| taobh[ó] | | | |
| thuaidh) | | | |
---------------------------------------------------------------------
| an deisceart(an | ó dheas | aneas | theas | laisteas
| taobh theas/ó | | | | (taobh theas)
| dheas) | | | |
---------------------------------------------------------------------
| an t-oirthear(an | soir | anoir | thoir | lastoir
| taobh thoir) | | | | (taobh thoir)
----------------------------------------------------------------------
| an t-iarthar(an | siar | aniar | thiar | laistiar
| thaobh thiar) | | | |
----------------------------------------------------------------------
(i)
- Tá an taobh amuigh (an taobh istigh, ... an t-iarthar) fliuch
(ii)
- Chuaigh sé amach (isteach, ... siar)
(iii)
- Tiocfaidh siad amach (isteach, ... aniar)
(iv)
- Fanfaidh Déaglán amuigh (istigh, ... aniar)
(v)
- Gheobhaidh sibh é lasmuigh (laistigh, ... laistiar) den séipéal.