An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

4.19
Is de réir rialacha 4.14-15 a shéimhítear:
- ainmneacha laethanta, míonna agus teangacha:
- Oíche Shamhna
- maidin Mháirt
- amhráin Ghearmáinise
- ach Lá Samhna
- tráthnóna Sathairn
- leabhar Béarla.
- ainm briathartha ginideach a bhfuil cuspóir cinnte nó éiginnte faoi réir aige:
- bean chasta an tuirne
- bean chardála olla
- seachtain bhailithe na rátaí
- fir bhuailte an arbhair
- fir mhúchta tinte
- ach lucht múchta tinte
- lá buailte an arbhair

- an chéad ghinideach de phéire ginideach atá araon faoi réir ag focal a thagann
roimh an bpéire:
- bean choimhdeachta na banríona
- misneach phobal Latharna
- triomú mhóin Eoin
- costas bhainne an naíonáin.
- Ach
- teach pobail Latharna
- cliabh móna Eoin
- buidéal bainne an naíonáin.

Sna trí shampla dheireanacha tá an tríú focal faoi réir ag an gcéad cheann
agus ní ag an dara ceann.