4.20
Séimhítear ainmfhocal atá ar lorg foirm stairiúil den chopail:
- ba dhuine mór é
- ní leis ab fhaillí é
- ar shagart é?
- nár chapall maith é?
- cheap sé gur ghadaí é
- níor thaibhse é
- níorbh fheirmeoir é
- murar bhád é
- fear dar shloinne Ó Néill.
Maidir le séimhiú ar shloinnte agus uimhreacha ainmfhoclacha féach 4.25-35.