21.24
Dobhriathra Ama Áirithe
Is iondúil gur do phointe ama a thagraíonn na dobhriathra
- riamh,
- in aon chor
- (ar chor ar bith),
- choíche,
- go brách,
- go deo
i ráitis dhiúltacha:
- níor tháinig sé riamh
- ní thagann sé in aon chor (ar chor ar bith)
- ní thiocfaidh sé choíche (go brách, go deo).
Agus is iondúil gur do thréimhse ama a thagraíonn riamh, i gcónaí, go brách, go
deo i ráitis dhearfacha:
- bhí sé crosta riamh agus beidh choíche
- is é do scéal riamh é
- táim ag éisteacht leis sin riamh
- tá sé anseo i gcónaí
- fanfaidh Íosa inár gcroí go deo.
Ach féadann pointe ama bheith i gceist i ráitis dhearfacha áirithe:
- sin é an chéad uair riamh a bhí sé ann.