21.25
In abairtí ceisteacha féadann pointe nó tréimhse ama bheith i gceist de réir an
chomhthéacs:
- an raibh tú thuas in eitleán riamh? (pointe)
- an raibh sé (fear atá dall) riamh mar sin? (tréimhse)
- an bhfillfidh sí choíche? (pointe)
- an bhfanfaidh sí ann choíche? (tréimhse).