An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.27

Tréimhse ama a léiríonn
- ar feadh,
- go ceann,
- i rith,
- le,
- le linn, etc.,
i gcás teagmhas atá leanúnach ar feadh tréimhse:
- bhí sé ann ar feadh bliana
- bhí an tae gann le linn (i rith, ar feadh) an chogaidh
- bhí an leanbh caillte i rith seachtaine

teagmhas atá leanúnach go dtí pointe ama ag deireadh tréimhse
- ag breathnú siar:
- tá sé ann le bliain
- bhí an talamh acu le (ar feadh) dhá chéad bliain roimhe sin
- bhí sí tinn le (ar feadh) cúpla seachtain roimh an gCáisc
- ag breathnú romhainn:
- beidh sé i Sasana go ceann bliana.

Tá an dá shaghas tréimhse - araon i gceist in
- tá mé anseo le trí mhí agus beidh mé anseo go ceann naoi mí,
agus mar sin de
- beidh mé anseo ar feadh bliana.