21.26
Frásaí dobhriathartha dar tús
- ar feadh,
- go ceann,
- i gceann,
- i rith,
- le,
- le linn,
- i gcaitheamh, etc.,
léiríonn siad pointe ama i gcás teagmhas ag pointe ama i lár
tréimhse:
- fuair sé bás i gcaitheamh (i rith) na hoíche
- níor tharla sé le mo linnse
teagmhas ag pointe ama i ndeireadh tréimhse:
- imeoidh Seosamh i gceann bliana
teagmhas atá comhaimseartha le teagmhas eile:
- le linn an focal sin a rá dó mhúch sé an solas