An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

21.30

Is ainmfhocail na focail Luan, Máirt, etc.

Cuirtear an t-alt leo nuair a ainmnítear na laethanta:

- amárach an Luan (an Mháirt, an Chéadaoin, an Déardaoin, an Aoine, an Satharn, an Domhnach).

- Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domhnaigh
na dobhriathra ama.

Is do lá cinnte nó éiginnte a thagraíonn maidin Luain (Mháirt, etc.), oíche
Luain (Mháirt, etc.) de réir an chomhthéacs.
- lá cinnte:
- an mhaidin Luain úd
- an chéad oíche Dhomhnaigh eile a thiocfaidh sé.
- lá éiginnte:
- rugadh air oíche Shathairn amháin.

Ach is do lá cinnte a thagraíonn maidin Dé Luain (Máirt, etc.), oíche Dé Luain
(Máirt, etc.):
- d'imigh sé maidin Dé Luain agus fillfidh sé oíche Dé Sathairn.