21.31
Cuiream i gcás gur inniu an chéad lá d'Iúil agus gur Domhnach atá ann.
Is mar seo a thagraítear le dobhriathra ama do na laethanta atá thart
- 30/6:
- inné
- 29/6:
- arú inné
28-25/6:
- Déardaoin
- (Dé Céadaoin,
- Dé Máirt,
- Dé Luain)
- seo caite
- (seo a d'imigh tharainn,
- seo a chuaigh thart)
- 24-23/6:
- seachtain go (gus) an lá inniu (inné)
- 22-18/6:
- seachtain is an Aoine (Déardaoin, ...) seo caite
- nó
- seachtain go hAoine (Déardaoin, ...) seo caite
- 17-16/6:
- coicís is an lá inniu (inné)
- 15-11/6:
- coicís is an Aoine (go hAoine) seo caite
- d'imigh sé deich mbliana chun an Domhnaigh (go Domhnach) seo caite (chugainn).
Is mar seo a thagraítear le dobhriathra ama do na laethanta atá le teacht
- 2/7:
- amárach
- 3/7:
- anóirthear,
- arú amárach,
- amanathar
- 4-7/7:
- Dé Céadaoin (Déardaoin, ...) seo chugainn
- 8-9/7:
- seachtain ó inniu (amárach)
- 10-14/7:
- seachtain ón Máirt (gCéadaoin, ...) seo chugainn
- 15-16/7:
- coicís ó inniu (amárach)
- 17-21/7:
- coicís ón Máirt (gCéadaoin, ...) seo chugainn
- beidh an léas caite bliain ón Satharn seo caite (chugainn).