An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.1

An Réamhfhocal
An Réamhfhocal Simplí

Is iad seo a leanas na réamhfhocail shimplí de réir na dtuiseal a ghabhann leo:
- an t-ainmneach:
- ach,
- amhail,
- gan,
- go dtí,
- idir,
- mar,
- murach,
- ná,
- seachas.

Is minic a áirítear
murach

agus


ina gcónaisc nó ina leath-réamhfhocail.

- an tabharthach:
- a,
- ag,
- ar,
- as,
- chuig,
- dar,
- de,
- do,
- faoi,
- go
- (= go dtí),
- go (= le),
- i,
- ionsar,
- le,
- maidir le,
- mar aon le,
- ó,
- os,
- roimh,
- thar,
- trí,
- um.

Ní úsáidtear an réamhfhocal
a

de ghnáth
ach roimh
ainm briathartha.

Ní úsáidtear an réamhfhocal go (= le) ach i gcorrchás:
- pingin go leith.

- an ginideach:
- chun,
- cois,
- dála,
- fearacht,
- timpeall,
- trasna.