22.2
Scríobhtar
in
thar ceann
i
roimh ghuta nó roimh fhuaim ghuta:
- in Éirinn
- in x
- in An tOileánach.
Scríobhtar
- in
i gcorrchás eile:
- in bhur
- in dhá áit,
- in b,
- in c
- in Cré na Cille, etc.,
- agus i gcás logainmneacha (seachas ainmneacha tíortha) thar lear nach bhfuil
leaganacha Gaeilge faoi leith ann dóibh:
- in Birmingham
- in Devon
- in Monte Carlo
- in Chicago
ach
- i Londain,
- i bPáras,
- sa Róimh.
Deirtear freisin i gcásanna áirithe, nuair nach ceilt ar an mbunainm é:
- i mBirmingham
- i Monte Carlo
- i Chicago.