22.6
Seo iad na ranna cainte is mó a bhíonn faoi réir ag an réamhfhocal:
- an t-ainmfhocal:
- i mbád,
- ar mo chois,
- chun an tí
- an forainm pearsanta:
- fear mar é
- idir mise agus tusa
- an forainm ceisteach:
- níor thrácht sé ar cad a bhí le déanamh
- an forainm éiginnte:
- níor éist mé le cibé a dúirt sé
- an forainm taispeántach:
- mar sin
- dar seo agus dar siúd
- an t-ainm briathartha:
- ag ithe
- le hól
- teach a thógáil
- frása:
- tar amach as faoin mbord
- go dtí le déanaí.
Is léir ón dá shampla dheireanacha gur féidir dhá réamhfhocal a chur taobh le
taobh.