22.7
Má tá níos mó ná ainmfhocal amháin faoi réir ag réamhfhocal is gnách an
réamhfhocal a athrá:
- ar ór ná ar airgead
- lán d'éad agus de mhioscais agus de chancar
- gan anam gan urlabhra
- le fuacht agus le fán
- níos fearr ná rothar agus ná gluaisteán.
Is minic a dhéantar é a athrá i bhfrása cuimsitheach ar lorg ach:
- níorbh fhéidir d'aon chumhacht ach do chumhacht Dé ...
- ní thiocfadh le haon fhear iad a bhriseadh ach le haon fhear amháin.
Mar an gcéanna má tá dhá ainmfhocal, nó forainmneach agus ainmfhocal, ag tagairt
don duine (rud) céanna mar a bheadh comhaisnéis ann, agus go bhfuil réamhfhocal
ag gabháil leis an gcéad cheann déantar an réamhfhocal a athrá de ghnáth:
- thug sé punt dá mhac, do Sheán
- bhí mé ag caint léi, le Bríd
- bhí an sagart le labhairt leis an rí, lena hathair.