An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.10

Tagann réamhfhocail ar leith ar lorg focal áirithe (ainmfhocail, aidiachtaí,
briathra). Sna samplaí seo a leanas is gnách é a bheith intuigthe go bhfuil an
réamhfhocal i gcumasc le forainm, sin nó go bhfuil forainm nó ainmfhocal ar lorg
an réamhfhocail.

Is iondúil freisin go bhfuil an briathar


nó briathar éigin eile a úsáidtear le staid nó athrú staide a léiriú (fan,
éirigh, tar, etc.) intuigthe i dtosach na habairte.

I gcás aon sampla ina dtugtar dhá réamhfhocal gan lúibíní is leis an tsuibiacht
(an duine nó an rud ar a bhfuil an mothú, etc.) a ghabhann an chéad réamhfhocal,
leis an oibiacht an dara réamhfhocal.

Mar shampla, i gcás na habairte bhí eagla ar an gcat roimh an madra, is mar seo
a léirítear úsáid na réamhfhocal a ghabhann leis an bhfocal eagla:
- eagla ar roimh.