An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.9

Príomhfheidhmeanna An Réamhfhocail Shimplí

ábhar
- de:
- lán d'uisce
- tá sé déanta de phrás
- líon den mhin é

aidhm
- ar:
- ní dhéanfainn ar ór an domhain é
- déan rud orm

- chuig:
- ní chugamsa a bhí sí
- chun:
- chun glóire Dé

- do:
- las dom é
- do Sheán a tógadh an teach

- mar:
- chuaigh sí ann mar chailín aimsire

- timpeall:
- rachaidh mé suas an cnoc timpeall na mbó.

am
- pointe ama
- ar:
- ar ball
- ar a sé a chlog
- ar dtús

- faoi:
- faoi dheireadh.

- pointe nó tréimhse i dtréimhse ama
- de:
- bhíodh sé ag póitseáil d'oiche

- i:
- sa lá a shiúil sé amach
- i lár an lae

- idir:
- idir an samhradh agus an Nollaig.

- le:
- níor tharla sé le mo linnse
- le doineann.

- timpeall pointe ama
- faoi:
- faoi Bhealtaine
- faoi Shamhain
- faoi lathair

- um:
- um Chaise
- um thráthnóna
- um an dtaca seo
- timpeall:
- timpeall na Nollag.

- roimh phointe ama
- chun:
- chun na Bealtaine
- chun a dó dhéag

- faoi:
- faoi mhaidin

- go:
- go Samhain
- go Domhnach seo chugainn
- go tráthnóna

- roimh:
- roimh am an dinnéir.

- tar éis pointe ama
- as:
- as sin amach

- ó:
- bliain ón lá sin
- seachtain ó amárach

- thar:
- an bhfuil sé thar a naoi a chlog?

- pointí comhaimseartha
- le:
- le héirí na gealaí
- le luí na gréine.

- tréimhse ama
- i:
- rinne sé an obair go léir i mbliain amháin.

- buntáiste agus míbhuntáiste

- ar:
- tá siad millte agat orm
- ná sceith orm

- do:
- ith duit féin é
- shuigh sé síos dó féin.

- bunús
- as:
- fear as Árainn
- is as an bhFrainc é

- ó:
- ó Chaitlín a fuarthas iad
- tá an Ghaeilge acu ó dhúchas.

- codarsnacht
- thar:
- chuaigh sé thar chomhairle a athar.

- coimhdeacht
- faoi:
- bean faoina cóta péacach
- teach faoina chúig sheomra

- le:
- chuamar go dtí na pictiúir le Pádraigín.

- comparáid
- amhail:
- amhail fear a bheadh ar meisce

- fearacht:
- éiríonn sé go luath, ní fearacht daoine eile é

- go:
- ní aithne go haontíos
- ní neart go cur le chéile
- go dtí:
- ní amadán go dtí é
- níor spórt go dtí é

- le:
- chomh maith liom
- oiread leatsa

- mar:
- bean mar an bhean sin

- ná:
- níos fearr ná Tomás.

- cuimsiú
- ar:
- tá sé ar na fir is saibhre sa tír
- níl do chaora orthu seo

- idir:
- idir fhir agus mhná.

- cúis
- as:
- crochadh é as dúnmharú
- as fearg a rinne sé é

- de:
- fuair sé bás den ocras (tart, etc.)

- le:
- le neart feirge
- ar crith le heagla

- ó:
- marbh ón ólachán
- tuirseach ón obair

- trí:
- trí fhearg (leisce, ainbhios).

- díol
- ar:
- díoladh an tobac ar phunt
- thug mé punt dó ar an tobac

- as:
- dhíol sé as an teach le hairgead a athar

le:
- dhíolamar an tarbh leis an strainséir.

- eisiamh
- ach:
- gach aon duine ach Seán

- gan:
- gan chara (teach, chiall)

- murach:
- bhí mé marbh murach Peig

- seachas:
- duine ar bith eile
- seachas tusa

- thar:
- ní ceart duitse bheith ann thar chailín ar bith eile.

- gléas
- ag:
- táim bodhar (marbh, etc.) agat

- de:
- buille de dhorn (chlaíomh, etc.)

- le:
- líon sí an corcán le cupán
- le mo dhorn
- le scian.

- imthosca
- de:

- gamhain maith de ghamhain míosa

maidir le:
- maidir le firín tá glór mór aige

mar le:
- tá sé fuar mar le haimsir shamhraidh.

- intriacht
- ar:
- ar m'anam go bhfuilim gonta

- dar:
- dar mo bhriathar

- dar
- flaitheas Uí Néill.

- iolrú
- faoi:
- faoi d hó (thrí, chéad).

- ionad
- suíomh
- ar: ar charraig
- léigh mé é ar an nuachtán

- faoi (= taobh thíos de):
- faoin staighre

- faoi (= timpeall):
- thart faoin mbord

- faoina muineál
- faoin áit
- (tír, etc.)

- i:
- i mbád
- istigh san oileán
- in Éirinn
- i m'intinn

- idir:
- idir Cill Airne agus Luimneach

- le:
- ar crochadh leis an mballa
- le mo thaobh

- ó:
- míle ón gcathair
- cá bhfuil do phíopa uait?
- feicim uaim í

- os:
- os cionn
- os coinne
- os comhair
- cuirimis lia os a leacht.

- gluaiseacht ó
- as:
- tháinig sé as Meiriceá anuraidh
- tabhair do ghadhar as seo

- de:
- léim sé den chapall
- caith díot do chóta

- ó:
- chuaigh sé ó Chaiseal go Port Laoise
- caith uait an liathróid.

- Réamhfhocail chontrártha
- is ea
- i agus as,
- ar agus de,
- ag agus ó:
- léim sé isteach i mbád agus ansin léim sé amach aisti
- bhí hata air ach chaith sé de é
- bhí liathróid aige agus chaith sé uaidh í.

- gluaiseacht chun
ar:
- ar faoistin
- chuig an sagart óg
- ar scoil

- chun:
- chun faoistine
- chun an Lagáin
- (an tí, an mháistir)

- chuig:
- chuig faoistin
- chuig an gcathair (an teach, an máistir)

- do (roimh an alt go hiondúil):
- don Spáinn
- (don Daingean)
- don

- go (go díreach roimh ainmfhocal):
- go hAlbain
- go glúine sa láib

- go dtí:
- go dtí [an] bád
- go dtí a theach féin (an fear é)

- i:
- isteach i mbád,
- isteach sa chuan

- ionsar:
- ionsar an dochtúir (sagart, iascaire, etc.)
- ionsorm, etc.

- gluaiseachtaí eile
- faoi:
- chuaigh sé faoin tuath
- faoin gcnoc suas

- mar:
- síos mar seo leat

- timpeall:
- timpeall an oileáin a chuaigh an bád beag

- thar:
- chuaigh an cith tharainn
- thar toinn

- trasna:
- trasna na farraige (sráide)

- trí:
- tríd an bhfuinneog.

Úsáidtear
ag,
ar,
faoi,
le

ar lorg an dobhriathair
thart (22.17).

- modh
- as:
- abair as Béarla é

- de:
- chuaigh sé de léim (shnámh, chois, etc.)
- de ghuth ard

- i:
- i nGaeilge a scríobhadh an leabhar gramadaí.

- oiriúnacht
- ag:
- níl aon ní trom ag Tomás
- tá tú róláidir agam
- tá sé chomh maith agat filleadh

- do:
- tá tú róghlic dom
- níl sí maith go leor dó.
- chlochar) agat

- seilbh
- ag:
- an bhfuil pingin agat?

- tá snámh (ceol, Gaeilge, etc.) agam
- briseadh corrán an ghéill (an chos chlé, etc.) aici

- níl sé de mhisneach
- agat

- i:
- tá a lán dea-thréithe ann mar Phádraig.

- staid le brí dhearfach
- ar:
- ar buile (stad, mire, etc)
- ar an drabhlás
- ar staid na ngrást

- faoi:
- faoi bhrón
- faoi ghlas
- faoi bhláth

- i:
- ina chónaí
- i gceist
- in eagar

- le:
- bhí na deora (an t-allas an fhuil) liom.

- le brí dhiúltach
- as:
- as eagar (ionad seilbh)

- ó:
- tá an bhó ó mhaith
- tá siad ó cheap is ó chóiriú.

- athrú staide
- ar:
- tá an saol ag athrú agus ní ar fheabhas ach ar olcas

- chun:
- chun cinn
- chun an drabhláis
- chun feabhais
- chun suain.

Ní úsáidtear
chuig,
do,
go,
go dtí
mar
a úsáidtear
chun

thuas.

- athrú céime
- i:
- ag dul i bhfuaire (in olcas, etc.).

- tagairt
- ar:
- ar mhéad a dheifre
- rug sí an chraobh léi ar áilleacht

- dála:
- dála an scéil, cá bhfuil Lúcás?
- dála Airt, cé a sceith air?

- faoi:
- tá m'athair an-mhaith faoi airgead

- le:
- ní fhaca mé do leithéid le crostacht
- cad a déarfá le (= i dtaobh) duine a chaill nóta puint?

- maidir le:
- maidir le Críostóir, tabharfaidh mise aire dó

- timpeall:
- suarach timpeall airgid

- díograiseach
- timpeall na Gaeilge.

- tomhas
- ar:
- ar airde (doimhneacht, fad, leithead, tiús)

- de:
- níos sine de bhliain
- níos troime de unsa

- faoi:
- níl sé faoi mhíle den stáisiún
- níos saibhre faoi ghiota mór

- thar:
- thar am
- thar fóir.

- treo
- ar:
- thug sé a aghaidh ar an teach

- le:
- bhí a dhroim leis an tine

- ó:
- d'iompaigh sé ón sagart.

- tuilleamaí
- ar:
- tá Conchúr ar bheagán airgid (céille)
- ar leathláimh.

- úinéireacht
- do:
- mac do Sheán

- le:
- is liom é leabhar
- le Seán
- mac leis.