22.16
Dobhriathra ó bhunús is ea cuid de na réamhfhocail, agus is minic feidhm
dobhriathair acu anois féin:
- chuaigh an tine as
- fan mar atá tú
- ó tháinig sé fanadh sé.
Tá feidhm dobhriathair ag cuid de na réamhfhocail atá ina n-ainmfhocail ó
bhunús:
- chuaigh sé trasna
- tá sé timpeall ar mo cheann.