22.17
Na focail
thart (dobhriathar),
thar,
timpeall
- gluaiseacht i dtreo agus thar pointe:
- chuaigh sé thart leis an doras (gclaí, gcarraig, etc.)
- chuaigh sé thart ag an doras
- chuaigh sé thar an doras
- chuaigh sé thart le mo thaobh.
- gluaiseacht timpeall taobh amuigh:
- ag siúl thart ar an (faoin) teach
- shiúil sé thart ar an mbó mar a bheadh sé ag dul á ceannach
- ag siúl timpeall (mórthimpeall) an tí.
- gluaiseacht timpeall taobh istigh:
- ag siúl thart an t-urlár (seomra)
- ag rith timpeall an urláir (ar fud an tí).
- suíomh:
- an trá agus an talamh thart uirthi (léi)
- níl sé in aon áit thart sa teach
- níl aon chloch aoil thart faoin áit seo
- bhí siad thart timpeall ar an mbord
- na cnoic timpeall an bhaile.
- garluach, etc.:
- timpeall míle slí (an ama seo, fiche punt).