4.23
Ní shéimhítear de ghnáth:
- na haidiachtaí seo, sin:
- an bhean seo, na fir sin
- déag ach de réir 4.35
- aidiachtaí a thagann ar lorg dobhriathra áirithe nó ar lorg aidiachtaí áirithe
a úsáidtear mar dhobhriathra:
- maidin sách fuar
- bróg cuibheasach trom
- bliain réasúnta tirim
Ach séimhítear iad áit a séimheofaí aidiacht fhaisnéiseach:
- b'fhearr a rinne Seosamh é
- ba dhá mheasa mar a rinne Peadar é.34
- aidiacht sa ghairmeach firinscneach más ainm ceana nó brí mheafarach atá i
gceist:
- a ghrá geal
- a mhuirnín bán
- a athair beag
- órú a leanbh beag deas
- a chailín beag
- a dheartháir dílis
- ach
- a dhuine chroí (chléibh)
- an aidiacht i logainmneacha áirithe ina maireann seanleaganacha sioctha:
- Inis Meáin
- Leitir Móir
- Leitir Ceanainn
- Béal an Átha Buí
- Baile an Tí Móir
- muintir an tSratha Báin
- Muir Meann
- aidiachtaí a bhfuil an t-ainmfhocal iolra caoirigh á cháiliú acu:
- na caoirigh beaga bána.
Sna frásaí gach uile bhean beo, an mhí seo caite;
tá beo, caite gan séimhiú mar ní aitreabúideach iad
ach faisnéiseach.