4.22
I gceantair áirithe den Ghaeltacht ina séimhítear an gnáth-ainmfhocal sa
tabharthach uatha ar lorg réamhfhocail agus an ailt séimhítear an aidiacht a
leanann é mar an gcéanna:
- ar an bhaile mhór
- sa ghleann fhada
- faoi ualach throm.
Ach i gceantair arb é urú ar an ainmfhocal is iondúil iontu ní shéimhítear an
aidiacht fhirinscneach fiú amháin sna cásanna ina séimhítear an t-ainmfhocal:
- ar an mbaile mór
- don (den, sa) bhád bán
- faoi ualach trom.
Féach freisin 5.3.