An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

23.1
An Comhnasc

An cónasc comhordaitheach.

Naisceann sé seo dhá fhocal, dhá fhrása, dhá chlásal, nó clásal agus frása, atá
ar aon chéim gramadaí.

Féadann sé a bheith carnach
- agus nó is:
- Peadar agus Pól
- dul isteach agus luí síos
- tháinig sé agus d'imigh sé
- casadh orm é is é ar meisce

Is minic a úsáidtear agus (is) go hiomarcach:
- má tá i ndán is go bhfaighidh mé bás
- ní thiocfaidh sé tráth is nach bhfuil sé anseo anois.

- ná (ar lorg briathair dhiúltaigh):
- ní raibh Peadar ná Pól ann

- codarsnach:
- ach:
- tá sé fliuch ach níl sé salach

- scarach:
- nó:
- puint nó dollair
- tá sé bodhar, sin nó tá sé balbh.