An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

22.20

Na gnáthrialacha comhréire a bhaineann le frásaí dar múnla réamhfhocal simplí +
ainmfhocal, baineann siad go hiondúil leis na réamhfhocail chomhshuite freisin,
e.g:

- tagann ginideach an ainmfhocail ar a lorg:
- i gcoinne na gaoithe

má chuirtear forainmneach in áit an ghinidigh is aidiacht shealbhach an
forainmneach agus cuirtear í idir dhá mhír an réamhfhocail chomhshuite:
- ina coinne.

In ionad aidiacht shealbhach a chur isteach idir dhá mhír an réamhfhocail
ar fud

is minic a úsáidtear foirm ar leith:
- ar a bhfuaid.

Ní gnách aidiacht shealbhach a chur idir dhá mhír na réamhfhocal comhshuite
- ar feadh,
- d'fhonn,
- gan fiú,
- go ceann,
- go fiú,
- i dtrátha,
- i gcaitheamh,
- in imeacht.