An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

24.3

Tá comhfhocail áirithe ann a gcoinnítear a gcodanna scartha ó chéile go
hiondúil:
- bolg le gréin
- cos ar bolg
- cos in airde
- cúl le rath
- cur i gcéill
- cur síos
- dul faoi
- tabhairt suas
- uisce faoi thalamh.

Ní infhilltear iad.

I gcomhthéacsanna áirithe, áfach, naisctear le fleiscíní iad más gá sin ó thaobh
brí, e.g. de bharr réimír nó aidiacht a chur leis an gcomhfhocal:
- an-chos-ar-bolg
- uisce-faoi-thalamh baolach.

Tá buan-nascadh gan fleiscíní san fhocal bunoscionn.