24.4
Réimíreanna
Is é rud é réimír grúpa litreacha a chuirtear roimh fhocal chun focal eile a
dhéanamh ach nach focal ann féin é.
Úsáidtear roinnt focal mar a d'úsáidfí réimír.
Tugtar cuid de na túsfhocail sin anseo.
Ní thugtar áfach ach cinn a bhfuil brí ar leith acu mar réimíreanna, nó bríonna
éagsúla, nó foirm ar leith, leithéidí dubh, sean, etc.
Ciallaíonn fleiscín faoi lúibíní (-), go bhfágtar ar lár an fleiscín de ghnáth
nó i gcásanna áirithe (3.6).
Nuair a dhéanann réimír urú is gnách an litir faoi urú a fhágáil ar lár:
- ain(-) + fios > ainbhios
- éa(-)+ trom > éadrom.